Síceolaí is fealsamh a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea William James (11 Eanáir1842 - 26 Lúnasa1910). Deartháir leis an úrscéalaí cáiliúil Henry James. Shaothraigh sé teoiric eolais ar thug sé pragmatachas uirthi. I measc a leabhar tá ''The Principles of Psychology'' (Prionsabail na Síceolaíochta, 1890), ''The Varieties of Religious Experience'' (1902, Cineálacha Éagsúla na Taithí Reiligiúnda), agus ''Pragmatism'' (Pragmatachas, 1907).
Ba é an chéad oideachasóir a chur chúrsa síceolaíochta ar fáil ar sna Stáit Aontaithe. Bhí James ar cheann de na príomhsmaointeoirí agdeireadh am naoú haois déag agus creidtear go raibh sé ar cheann de na fealsúna is mó tionchar a raibh riamh sna Stáit Aontaithe, agus thug daoine eile an lipéada "Athair na síceolaíochta Meiriceánach" air. Chomh maith le Charles Sanders Peirce agus John Dewey, meastar é a bheith ar cheann de na figiúirí is mó a bhain leis an scoil fealsúnachta a dtugtar pragmatachas uirthi, agus luadh é freisin mar cheann de bhunaitheoirí na síceolaíochta feidhme. D'fhorbair sé freisin an dearcadh fealsúnachta ar a dtugtar an t-eimpíreachas radacach. Chuaigh a chuid oibre i bhfeidhm ar ar intleachtóirí eile ar nós Émile Durkheim, W. E. B. Du Bois, Edmund Husserl, Bertrand Russell, Ludwig Wittgenstein, Hilary Putnam, agus Richard Rorty, agus bhí tionchar aige ar fiú Uachtaráin, ar nós Jimmy Carter.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 3 toradh á dtaispeáint as 3 toradh san iomlán ar an gcuardach 'James, William, 1842-1910', am iarratais: 0.01s
Beachtaigh na torthaí